Craobh Eochaille agus Dáil na Mumhan de Chonradh na Gaeilge
2018-01-03 21:00:00
TIONÓL OIRTHEAR CHORCAÍ
An fuinneamh i ndúchas liteartha
Oirthear Chorcaí
Óstán Old Imperial
27 An Phríomhshráid Thuaidh, Eochaill
www.theoldimperialhotel.com (024)92435
12 ~ 13 Eanair, 2018
Dé hAoine 12/01
19.30 Teacht le chéile
19.45 Oscailt an Tionóil
20.00 ~ 21.30 léacht (1) Piaras Mac Gearailt (1705 ~ 1795) leis an Dr.Breandán Ó Cróinín
21.30 ~ ceol traidisiúnta i mbeár an Óstáin + Cárthach Mac Craith ón Rinn
Dé Satharn 13/01
10.30 ~ 11.15 tae/caifé agus ghearrchaint ar Naomh Corán le hAingeal Uí Dhomhnaill
11.15 ~ 12.30 siúlóid ar an mbaile le hEdel Uí Eachtigheirn
12.30 ~ 14.00 briseadh lóin
14.00 ~ 15.00 léacht (2) Risteard Ó Foghlú (1870 ~ 1957)
- scoláire agus saothraí ó Chnoc Muine Léith le Séamus Ó Máille
15.00 ~ 16.00 plé oscailte + tae/caifé + seoladh Feasta & Aonach beag Leabhar
16.00 scor
Lóistín Is féidir praghas a fháil agus áirithint a dhéanamh díreach leis an óstán
Tabharfaidh an t-óstán ráta ar leith d’aíonna, ach an tionól a lua
Óstán Old Imperial, 27 An Phríomhshráid Thuaidh, Eochaill, Co. Chorcaí
www.theoldimperialhotel.com (024)92435
eolas breise
Liam Ó Laochdha (086)325 8271 olaochdha.l@gmail.com
Donnchadh Ó hAodha (087)242 1267 d.ohaodha@ucc.ie
www.dailnamumhan.ie
-------------------------------------------------------------------------------------------------------
Oscailt
Irial Mac Murchú, Príomhfheidhmeanach Nemeton, sa Rinn.
Piaras Mac Gearailt (1705 ~1795)
Bhí Piaras Mac Gearailt i réim in Oirthear Chorcaí, agus é ina cheann feadhna ar an gcúirt filíochta, “Cúirt na mBurdún”, mar a thugtaí uirthi, a bhíodh ag teacht le chéile i mBaile Uí Chionnaola sa dúiche san.
An Dr. Breandán Ó Cróinín: Léachtóir i Roinn na Gaeilge, Coláiste Mhuire gan Smál, Ollscoil Luimnigh, is ea Breandán Ó Cróinín. Dhein sé a chuid staidéir fochéime agus iarchéime in Ollscoil Mhaigh Nuad. Chaith sé tamall ag múineadh in Ollscoil Chaitliceach Lublin, An Pholainn, sarar bhog go Luimneach. Is iad na príomhspéiseanna taighde atá aige ná litríocht Ghaeilge na hochtú haoise déag, An Fhiannaíocht, nua-litríocht na Gaeilge, go háirithe nua-phrós na Gaeilge, agus litríocht agus teanga Chorca Dhuibhne. D’fhoilsigh An Sagart a eagrán de fhilíocht Phiarais Mhic Gearailt sa bhliain 2015.
Naomh Corán
Bhí Naomh Corán faoi bhláth i gceantar Eochaille san 7ú Aois. B’as ceantar na nDéise a tháinig sé.
Aingeal Uí Dhomhnaill a thabharfaidh cur síos gairid ar a shaol agus a shaothar.
Siúlóid ar an mbaile
Baile stairiúil is ea Eochaill. Téann trácht ar an mbaile siar go dtí na meánaoiseanna.
Tabharfar cuairt ar áiteanna stairiúla ar an mbaile faoi threoir ag Edel Uí Eachtigheirn.
Risteard Ó Foghlú (1870 ~ 1957) - scoláire agus saothraí ó Chnoc Muine Léith
Díreoidh an chaint ar a shaol i mBaile Átha Cliath agus ar an t-eolas a thug sé dúinn faoin a cheantar féin.
Séamus Ó Máille: Iarmhúinteoir meánscoile a chaith tréimhsí i mbun teagaisc i gCorcaigh agus i mBaile Átha Cliath sular thug sé aghaidh ar an “Ríocht “- 27 bliana caite aige i gCill Orglain. Scríobhann sé alt míosúil i bhFeasta -'Dialann Dúlra.'
------------------------------------------------------------------------------------------------------
Beidh táille €5 sa ló ar na himeachtaí - le bhúr dtoil