ComÓrtas Peile na Gaeltachta 2014-05-05 12:00:00

Comórtas Peile na Gaeltachta 2014

Beidh Cumann Peile Mhaigh Cuilinn ag reáchtáil Comórtas Peile na Gaeltachta i 2014. Is onóir mhór í seo don Chumann agus tá fíor-áthas orainn go mbeidh os cionn 6,000 duine ag tabhairt cuairte ar ár mbaile ón 30ú Bealtaine – 2ú Meitheamh, 2014.

Béidh fóirne ó na Gaeltachtaí ar fad ag imirt sa chomórtas náisiúnta seo chomh maith le fóirne as Báile Átha Cliath, Béal Feiriste agus Londain.

Tá stair fhada ag Cumann Peile Mhaigh Cuilinn sa Chomórtas mar gurbh iad a bhuaigh an Chomórtas i 1971, ceann de na trí fóirne as Gaeltacht Chonamara a bhain an éacht seo amach. Bhí muid sa chluiche ceannais arís i 2011.

Tá sé i gceist againn Féile den scoth a reáchtáil do Comórtas Peile na Gaeltachta 2014. Chomh maith leis na cluichí, An Poball, An Cailín Gaelach, na duaiseanna & srl, beidh muid ag eagrú féile speisialta do pháistí, comórtas caitheamh crúití, comórtas na mban, comórtas liathróid laimhe agus go leor eile!

Beidh an teolas ar fad ar fáil ar www.maighcuilinn.com

Beidh neart le deanamh don deireadh seachtaine mar go bhfuil áiseanna turasóireachta den scoth sa gceantar idir iascaireacht, galf, páirc ainmhithe, gáirdín turasóireachta, ionad rothaíochta babhlá agus ionaid turasóireachta éagsúla.

Tá oifíg lán aimsartha againn ar an mbaile agus is féidir labhairt le Daniel ag am ar bith má bhíonn aon cheist

 







Car Insurance Ireland
site designed & developed by Sportsmanager.ie